Turlach

Cineál locha is ea an turlach a imíonn as amharc uaireanta agus atá le fáil d'fhormhór i limistéir aolchloiche laistiar d'Abhainn na Sionainne. Is minic turlaigh le fáil i limistéir bhoireannacha, agus is annamh a gheofá lasmuigh d'Éirinn iad, cé go bhfuil ceann i Llandeilo sa Bhreatain Bheag[1].

Cuireann a lán eolaithe an-suim iontu: is mian le geomoirfeolaithe a fháil amach cén chaoi ar cumadh na turlaigh, déanann hidreolaithe taighde ar thuile na dturlach, déanann luibheolaithe taighde ar an bhfásra neamhchoitianta a bhaineann leo, agus scrúdaíonn na míoleolaithe a bhfuil d'ainmhithe ann.

Turlach sa Charn i gContae an Chláir
  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-10-07. Dáta rochtana: 2010-02-26.

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Tubidy